Thursday, January 31, 2008

Soisceal Pharaic

seo é an 21ú aois is tá muid a dul ag blogáil agus tá failte romhat do ladar a chuir isteach sa scéal nó mar a tharlaíonn  sé sa Soiscéal. Sé scéala an lae inniú ná go bhfuil mé den tuairim go bhfuill fís ealíonna na tíre goite an donnacht. Tá forsaí an mharagadh a cuir go mór leis na praghseannaí ealaín Eireanach sa gcaoi go bhfuill an caighdéan ag isliú agus tá chuile dhuinne ag deanadh ealaíon sabhailte a dhioladh le lucht an rachmhais atá gann clú ceard is ealaíonn ann. Níl uatha ach páipear balla le dallamullóg ar a gcairde gul bhfuill taste acu............. go fhuire na Deithe orainn is gearr go mbeidh an tír i lamha an airigid agus an t-aineolas ... go dt ar ball slán Potamus

3 comments:

Conn said...

Céad fáilte romhat a Pháraic, go Tír na mBlag!

B'fhéidir nach bhfuil an scéal chomh h-olc is a cheapann tú? Deirtear go bhfuil an 'boom' thart agus go bhfuil ár ndóthain tithe anois againn.

Má thiteann an tóin as an margadh do pháipéar balla, an bhfillfidh na h-ealaíontóirí arís ar an ealaíon?

aonghus said...

Nach é an difear anois ná go bhfuil airgead ag daoine gan blas, agus daoine le blas beo bocht?

Nach raibh an ealaíon i gconaí spléach ar lucht rachmais?

Cá mbeadh Michealangelo gan na Papaí, agus Leonardo gan an aos uasal?

Nó aos dána na nGaeil gan na taoisigh?

Oideachas an buachaill!
Ní féidir fonn, féile ná filíocht a mhúineadh, ach is féidir blas, seans?

Concubhar said...

Maith thú, a Pharaic.

Bhain mé sult as do léiriú i gCré na Cille, mór scannán na h-aoise seo ón dtír seo.

Agus bainim sult as an gclár teilifíse - an t-aon clár ealaíon le dealramh ar theilifis nó ar raidio, i nGaeilge nó i mBéarla go n-amharcaim air.
Agus anois tá tú ar an líon.

Bead ag faire ar an mblag seo...


Beir bua
Concubhar Ó Liatháín